Sunday, November 2, 2014

tá leabhar nua seolta agam...


Táim tar éis leabhar úr a fhoilsiú mar ríomhleabhar ar Smashwords. Roghnaigh mé dhá cheann déag de ghearrscéalta as bailúchán a chuir an criticeoir clúiteach Marcel Reich-Ranicki (nach maireann) i dtoil a chéile de na gearrscéalta is fearr, de réir a bharúla, sa teanga Ghearmánach - an teideal "AUSGEWÄHLT / DEN SCOTH" dá bharr - agus d'aistrigh mé go Gaeilge iad.

Faoi láthair tá sé le fáil mar epub faoin nasc seo: https://www.smashwords.com/books/view/489586.


Seo liosta na scéalta agus an réamhrá:

Ióna, mar shampla / Uwe Johnson
Przemyśl / Christoph Ransmayr
Tús an tSéasúir / Elisabeth Langgässer
Titim isteach san Anois / Ernst Bloch
Féinphortráid mar Choirscéal / Martin Walser
An t-Arán / Wolfgang Borchert
Scéal Gnáthlaethúil Sráide i mBeirlín / Günter Kunert
An Fear leis an gCuimhne / Peter Bichsel
Rendez-vous sa Veinéis / Gabriele Wohmann
An Staonadh / Siegfried Lenz
Curiarracht Airde na hEitilte / Lion Feuchtwanger
Clúmhilleadh / Elias Canetti


"RÉAMHRÁ

Tháinig borradh faoin ngearrscéal sa Ghearmáin mar fhoirm liteartha go díreach i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda. Ba é go comhfhiosach a tugadh droim láimhe don stíl liteartha áibhéalach idé-eolaíoch a bhí i réim sa Tríú Ríocht. Tar éis Kahlschlag (lomscrios) an chogaidh bhí an Stunde Null (uair an nialais) ann, agus an smionagar. Tús as an úire a bhí ag teastáil, dar le leithéidí Gruppe 47 mar shampla, agus ba i dtéacsanna gearra de sheánra an ghearrscéil gona stíl simplí réalaíoch a aimsíodh an meán feiliúnach leis an tionscnamh a chur i gcrích.

Is solaoid den Trümmerliteratur (litríocht na bhfothrach agus an smionagair) agus den nádúrachas, leis, an gearrscéal An t-Arán le Wolfgang Borchert. Cruthaíonn an ganntanas bia sa ré iarchogaidh, agus luachmhaireacht an aráin dá réir, an comhthéacs. Agus is faoi bhrú an ghanntanais a nochtann an coimhthíos. Eipeafáine Sheoigeach, b'fhéidir, a airíonn an bhean faoin lampa ag an deireadh.

Tá an réalachas draíochta ag baint le ball lárnach de Scéal Gnáthlaethúil faoi Shráid i mBeirlín le Günter Kunert. Is scéal é faoi Ghiúdach a theitheann as Béirlín agus a fhilleann ar fhothraigh agus smionagar na cathrach arís tar éis an chogaidh.

Fís mhór an abhcóide mhúinte, Herrman Liebermann, sa ghearrscéal Przemyśl le Christoph Ransmayr is ea go mbunófaí útóipe ilnáisiúnta tar éis thurnamh Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.

Is i ré na Tríú Ríochta atá an scéal Tús an tSéasúir le Elisabeth Langgässer suite, a bhfuil dúlra agus áilleacht na sléibhte mar chúlra dó.

An é d'fhonn atéamh a dhéanamh ar sheanchaidreamh a bhuaileann beirt le chéile arís in áit mar an Veinéis tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile leis na cianta? Sa ghearrscéal Rendezvous sa Veinéis le Gabriele Wohmann cheapfá gur mó ag an bhfear a shotal féin ná rud ar bith eile. Ach b'fhéidir nach aon dóithín an bhean sa deireadh.

Sa scéal fáthchiallach An Fear leis an gCuimhne le Peter Bichsel ba mhaith leis an laoch rud a bheith ar eolas aige nach bhfuil ar eolas ag duine ar bith eile.

Braitheann féinmheas an choirpigh sa scéal Féinphortráid mar Choirscéal le Martin Walser ar an mbleachtaire agus ar an díograis lena dtéann sé sa tóir air. Is cineál eochairscéil atá i gceist anseo a cumadh faoi anáil na coimhlinte idir an scríbhneoir Walser agus an criticeoir Reich-Ranicki san fhíorshaol, agus is amhlaidh gur mhinic go leor a bhíodh nimh san fheoil dá chéile acu.

Ba cheist í a bhí tráthúil san fhichiú céad: nuair a théann intleachtóir i seirbhís shealbhóir na cumhachta, cad a tharlaíonn dó nuair a athraíonn sealbhóir na cumhachta sin a chúrsa? Seans gurbh fhearr dó athleagan den scéal ón mBíobla, Ióna, mar Shampla, le Uwe Johnson a bheith léite aige roimh ré. Más faoi anáil an Bhíobla a gineadh an bunleagan den ghearrscéal, is faoi anáil “An Bíobla Nua” a aistríodh é.

Is as cultúr beoga an oirGhiúdachais (is cineál canúna den Ghearmáinis an Ghiúdais), ar deineadh scrios iomlán air le linn na Triú Ríochta, an scéal Titim isteach san Anois le Ernst Bloch. Ba iad saintréithe na scéalaíochta sa traidisiún Hasadach ná an ghontacht nathach, an paradacsa, an cor grod gan choinne agus féiniúlacht cheilte an duine.

Cuireann an gearrscéal An Staonadh le Siegfried Lenz an nath i gcuimhne, Banalität den Bösen (comóntacht an oilc), a chum Hannah Arendt chun an neamhréiteach idir an t-olc mór ar an taobh amháin agus na mílte duine beag-le-rá gona gníomhartha suaracha ar an taobh eile a chruthaíonn an t-olc sin.

An mbainfidh an t-eitleoir cróga an churiarracht amach a shonraítear sa teideal Curiarracht Airde na hEitilte le Lion Feuchtwanger agus an fiú an íobairt é?

Dhein Elias Canetti aistear go Marrakech sa bhliain 1968 agus tháinig sé ar ais le Clúmhilleadh, scéal as saol na nEorpach i gcathair iar-chóilíneach a bhí fós faoi scáth ré an choilíneachais, nuair nach mbíodh an dara rogha ag na dúchasaigh seachas na drochchoilínigh agus na dea-choilínigh."

No comments:

Post a Comment